Forléargas ar an gCúrsa

Tugann an Cúrsa Rochtana an deis do lucht fágála scoile agus do mhic léinn lánfhásta iad féin a ullmhú, go pearsanta agus go hacadúil, do chúrsa fochéime lánaimseartha in OÉ, Gaillimh. 

Tá na cúrsaí rochtana oscailte arís d'iarratais - Lucht Fágála Scoile https://tinyurl.com/cursa-rochtana-faoi-22 agus Daoine Fásta https://tinyurl.com/cursa-rochtana-daoine-fasta.

Beidh seisiún eolais ar siúl ar an gcampas ar an 12 Bealtaine, 6.30 - 7.30 i.n.

Iarratais agus roghnúchán

Eolas faoi na teagascóirí

Riachtanais agus measúnú

Tá tinreamh agus torthaí sásúla i ngach gné den chlár riachtanach chun an cúrsa a chur i gcrích.  Meastar dul chun cinn acadúil na mac léinn trí mheasúnuithe leanúnacha scríofa agus labhartha agus trí scrúduithe ag deireadh gach seimeastair.  Is cuid lárnach agus thábhachtach den chúrsa staidéar i d’aonar (ag baile).  Bíonn an deis ag mic léinn freastal ar roinnt léachtaí fochéime ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach é a shocrú roimh ré. 

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Tá gach eolas maidir leis na riachtanais iontrála ar fáil ó Chomhordaitheoir an Chúrsa. 


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Bliain acadúil amháin (Dhá thráthnóna sa tseachtain)

Dáta tosaithe

Deireadh Fómhair 2022

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

20

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

6

Modh staidéir

Meáchan ECTS

30

Dámhachtain

Dioplóma sa Bhonnstaidéar

Cód CAO

Cód

Imlíne an chúrsa

Tá croí-ábhair agus roghanna acadúla mar chuid den chúrsa seo.  I measc na gcroí-ábhar tá:

  • Scileanna Staidéir
  • Scríbhneoireacht Fheidhmeach
  • Teicneolaíocht Faisnéise
  • Treoir Oideachasúil

Tugann na roghanna acadúla deis do mhic léinn tabhairt faoi réamhchúrsaí Ollscoile chun blaiseadh a fháil den staidéar ag an tríú leibhéal.  Go hiondúil, déanann mic léinn staidéar ar cheithre ábhar acadúla as an méid seo a leanas: Béarla/Stair, Socheolaíocht, Gaeilge, Tíreolaíocht.

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Feilfidh an cúrsa do mhic léinn a bhfuil an-suim acu staidéar a dhéanamh ag an tríú leibhéal, ach nach bhfuil ar a gcumas sin a dhéanamh de bharr cúinsí airgeadais nó cúinsí sóisialta.  Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil an cumas iontu don ardoideachas ach, ar chúiseanna éagsúla sóisialta agus eacnamaíochta, nach bhfuil ag freastal ar an tríú leibhéal.  Ba chóir go mbeadh mic léinn thar a bheith spreagtha agus spéis acu staidéar ag leibhéal fochéime sa réimse a roghnaíonn siad.  Feilfidh an clár do mhic léinn atá faoi mhíchumas chomh maith, mic léinn a raibh tionchar ag asláithreacht fhadtréimsheach de bharr tinnis ar a gcuid oideachais.

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

Níl aon táille i gceist leis an gcúrsa seo.

Tuilleadh eolais

Gearóidín Ní  Chonghaile
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
T: +353 91 494618
R: gearoidin.nichonghaile@oegaillimh.ie